Cuardach a dhéanamh ar leigheas

  • Leigheasanna
  • Leigheasanna Tréidliachta
  • Leigheasanna Cineálacha
 
More than one Google Analytics scripts are registered. Please verify your pages and templates.

Ár Misean

Sláinte an phobail agus sláinte ainmhithe a chosaint agus iad a fheabhsú trí rialáil a dhéanamh ar leigheasanna, ar fheistí liachta agus ar tháirgí sláinte.

Is féidir le táirgí sláinte beatha a shábháil. Is féidir leo cur le cáilíocht saoil daoine freisin. Bímid ag obair sa HPRA lena chinntiú go mbíonn na táirgí sláinte a úsáideann daoine chomh sábháilte agus is féidir agus go ndéanann said an méid atá siad beartaithe a dhéanamh.

An sprioc atá againn ná sláinte na ndaoine a úsáideann agus a bhaineann tairbhe as na táirgí a rialálaimid, a chosaint. An cur chuige atá againn ná ár saineolas eolaíochta agus cliniciúil a úsáid chun athbhreithniú agus monatóireacht a dhéanamh ar na táirgí sláinte atá ar fáil in Éirinn nó a easpórtáiltear thar lear.

I measc ár sainchúraimí tá rialáil a dhéanamh ar na táirgí cúraim sláinte seo a leanas agus réimsí gaolmhara;

Leigheasanna don duine

  • Leigheasanna Tréidliachta
  • Trialacha Cliniciúla
  • Feistí Leighis
  • Fuil agus comhábhar fola
  • Fíochán agus cealla
  • Táirgí faoi rialú
  • Ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíochta a chosaint
  • Orgáin dhaonna atá le trasphlandú