Ár misean, ár bhfís agus ár luachanna
Ár misean
Rialaímid leigheas, táirgí sláinte agus feistí ar mhaithe le daoine agus ainmhithe.
Ár bhfís
Barr feabhais maidir le rialáil táirgí sláinte tríd an eolaíocht, trí chomhoibriú agus trí nuálaíocht.
Ár luachanna
Dírithe ar othair
Is tábhachtaí leas na ndaoine a úsáideann táirgí sláinte ná rud ar bith eile.
Ionracas
Táimid neamhspleách, trédhearcach agus freagrach.
Comhoibriú
Oibrímid le daoine eile i gcomhpháirtíochtaí, le muinín agus trédhearcacht.
Cuimsiú
Creidimid i gcumhacht na héagsúlachta, áit a bhfuil meas agus tacaíocht ag gach duine.
Barr feabhais
Oibrímid de réir na gcaighdeán pearsanta, gairmiúla agus eolaíochta is airde.
Nuálaíocht
Táimid ag foghlaim, ag oiriúnú agus ag feabhsú i gcónaí.